slÁinte & sÁbhÁilteacht
Tá polasaí láidir maidir le Sláinte agus Sábháilteacht Scoláirí ag Coláiste Chamuis a dhearbhaíonn go bhfuil sé de cheart ag gach scoláire a bheith slán, sábháilte agus saor ó strus le linn cúrsa sa Choláiste, agus déanann an Coláiste gach dícheall an méid sin a chinntiú. Bíonn múinteoirí agus lucht bainistíochta an Choláiste ar dualgas i gcónaí le linn cúrsaí agus eagraítear imeachtaí seacht lá na seachtaine. Mar chuid den phróiseas feighlíochta, tig le foireann an Choláiste a chinntiú go bhfuil scoláirí slán agus sábháilte ina gcuid seomraí sa teach lóistín agus le linn gníomhaíochtaí uile an chúrsa lá agus oíche.

Déanann an Coláiste gach faichill ar fhaitíos na timpiste agus iad ag fosaíocht ar scoláirí le linn cúrsaí, ach ní ghlacaimid freagracht dhlíthiúil as timpistí ná as mí-iompar in aonturas de chuid scoláire ar bith. Tá na seirbhísí leighis áitiúla ar fáil do scoláirí agus caithfidh tuismitheoirí íoc as a leithéid má theastaíonn siad. D’fhonn is go mbeimid in ann an aire chuí a thabhairt do gach scoláire, ní foláir do thuismitheoir amháin Foirm Sláinte a chomhlánú agus a shíniú i leith a gclainne a bheidh ag freastal ar an gcúrsa. Má theastaíonn cúram dochtúra ó scoláire le linn cúrsa tabharfar an Fhoirm Sláinte sin don dochtúir a bheadh ag tabhairt an chúraim sin.
Chaith mé cúpla seachtain ar an dTulach agus mé i mo dhalta méanscoile. Bhain mé an taithneamh as agus d'fhoghlam mé a lán Gaeilge ann. Is múinteoir bunscoile mé anois. Fuair mé post i nGaelscoil nuair a cáilíodh mé.
– Áine Ní Laimhín, Maigh Eo
Chuir mé mo chlann ar fad agus an-chuid scoláirí go Coláiste Chamuis thar na blianta agus tháinig siad ar fad abhaile le grá don chultúr, sárlíofacht sa teanga agus dúil mhór filleadh ar ais.
– Mícheál, Sligeach.


