lÁ sa cholÁiste
Tosaíonn gnáthlá i gColáiste Chamuis ag 10.00 am agus críochnaíonn ag 10.00 pm. Bíonn gníomhaíochtaí ann i rith an lae ar fad, iad uilig dírithe ar pháirtíocht le craic, spóirt agus spraoi – as Gaeilge, ar ndóigh. Seo mar a bhíonn gnáthlá:
10.00 a.m. - 1.00 p.m. Ranganna
1.00 p.m. - 3.30 p.m. Lón
3.30 p.m. - 5.30 p.m. Cluichí, spóirt agus imeachtaí eile
5.30 p.m. - 6.30 p.m. Tae sa choláiste
6.30 p.m. - 7.30 p.m. Grúpaí (ceol, sean-nós, damhsa sean-nóis, ealaín srl.)
7.30 p.m. - 9.00 p.m. Céilí
10.00 p.m. Suipéar sa teach lóistín
11.00 p.m. Soilse múchta!
Chaith mé cúpla seachtain ar an dTulach agus mé i mo dhalta méanscoile. Bhain mé an taithneamh as agus d'fhoghlam mé a lán Gaeilge ann. Is múinteoir bunscoile mé anois. Fuair mé post i nGaelscoil nuair a cáilíodh mé.
– Áine Ní Laimhín, Maigh Eo
D'fhreastail mé féin agus mo dheartháireacha ar Choláiste Chamuis, bhain muid sárthaitneamh as na cúrsaí agus labhraíonn muid go ceanúil fós ar na heachtraí agus scéalta a bhain lenár dtréimhse ann.
– Rory, BÁC


