Chuir mé mo chlann ar fad agus an-chuid scoláirí go Coláiste Chamuis thar na blianta agus tháinig siad ar fad abhaile le grá don chultúr, sárlíofacht sa teanga agus dúil mhór filleadh ar ais.

- Mícheál, Sligeach.

Walking Home Through Fields

Thosaigh mé ag dul go Coláiste Chamuis i mo chailín óg. Spreag sé mé i dtreo na Gaeilge agus chuir mé aithne ar chairde maithe thiar ann agus is í an Ghaeilge ár dteanga chumarsáide anois agus go deo. – Aisling, Cill Dara

Walking Home Through Fields

Chaith mé seacht gcúrsa i gCamus agus bhí a lán spóirt agus spraoi agam ann.

Chuir mé aithne ar a lán cairde nua agus d’fhoghlaim mé a lán Gaeilge!

– Aoife, Corcaigh

Walking Home Through Fields

D'fhreastail mé féin agus mo dheartháireacha ar Choláiste Chamuis, bhain muid sárthaitneamh as na cúrsaí agus labhraíonn muid go ceanúil fós ar na heachtraí agus scéalta a bhain lenár dtréimhse ann. – Rory, BÁC

Walking Home Through Fields

Chaith mé cúpla seachtain ar an dTulach & mé i mo dhalta méanscoile. Bhain mé an-taithneamh as agus d'fhoghlam mé a lán Gaeilge ann. Táim i mo mhúinteoir bunscoile anois i nGaelscoil.

- Áine Ní Laimhín, Maigh Eo .

Walking Home Through Fields

Idir cairdeas, cuimhní agus an chraic atá ann, tá na laethanta atá caite agam i gColáiste Chamuis mar chuid de na laethanta is fearr riamh. Bealach iontach, éifeachtach é chun an Ghaeilge a fhoghlaim - Gillian, Gaillimh

Walking Home Through Fields

Ba é Coláiste Chamuis ceann de na rudaí is fearr a tharla dom i rith mo shaoil. Chaith mé sé shamhradh ansin, agus iad líonta le craic, spraoi agus cairde. Agus é go léir trí Ghaeilge.

– Eoghan, Baile Átha Cliath

Walking Home Through Fields

Ceann de an saoire is fearr a chaith mé riamh -

D'fhoghlaim mé rud nó dhó chomh maith trí Ghaeilge!


- Aindriú, Baile Átha Cliath

Walking Home Through Fields

Rinne mé seacht gcúrsa san iomlán le Coláiste Chamuis agus thug an taithí muinín phearsanta maraon le muinín teanga dom. B'údar mór díoma dom críoch chuile chúrsa.

– Gearóid Ó Drisceoil, Baile Átha Cliath

Walking Home Through Fields

Níl aon áit ar domhan níos deise ná Túr Chamuis, craic, cultúr agus cairdeas trí mheán na Gaeilge.



– Neasa, Baile Átha Cliath

Walking Home Through Fields