spÓirt

Bíonn baint lárnach ag na scoláirí i reachtáil imeachtaí agus gníomhaíochtaí i gColáiste Chamuis agus roghnaíonn siad a gcuid gníomhaíochta siamsaíochta féin.

 

Eagraítear cluichí den chuid is mó tráthnóntaí. Imrímid peil, sacar, iománaíocht, eitpheil, cispheil taobh amuigh. Imrímid cispheil, unihoc, leadóg bhoird agus riar mhaith cluichí boird taobh istigh.

 

Téimid ag an trá (má bhíonn an aimsir go breá!) agus téann grúpaí ag siúlóid i gceantar álainn Chonamara.

Chaith mé seacht gcúrsa i gCamus agus bhí a lán spóirt agus spraoi agam ann, chuir mé aithne ar a lán cairde nua agus d’fhoghlaim mé a lán Gaeilge


– Aoife, Corcaigh

Break Time!

 

 

 

 

 

 

Rinne mé seacht gcúrsa san iomlán le Coláiste Chamuis agus thug an taithí muinín phearsanta maraon le muinín teanga dom. B'údar mór díoma dom críoch chuile chúrsa.

– Gearóid Ó Drisceoil, Baile Átha Cliath

At The Beach!