suÍomh

Tá Coláiste Chamuis suite i gceartlár Ghaeltacht Chonamara, an ceantar is mó sa tír ina bhfuil an teanga fós á labhairt. Eagraímid cúrsaí samhraidh Gaeilge in An Tulach, i gCamus agus i Ros a’ Mhíl, áit a bhfuil ionad nua-aoiseach den scoth againn, Teálta na hÓige.

 

TREORACHA CHUIG CAMUS

Tóg bóthar Uachtar Ard/An Clochán (N59). Téigh trí Uachtar Ard agus ar aghaidh chuig An Teach Dóite. Cas ar chlé ar an R336 agus lean ort go Scríb, crosaire T. Cas ar chlé ag Scríb. Tá an Halla Pobail leathmhíle uait ar thaobh na láimhe deise, taobh thiar de pháirc peile. Páirceáil sa charrchlós ar aghaidh an tséipéil ar chúl an halla pobail.


Féach ar Mapa Níos Mó

TREORACHA CHUIG ROS A’ MHÍL

Tóg bóthar an chósta ó Ghaillimh go dtí An Spidéal. Téigh tríd an Spidéal agus lean na treoracha don bhád go hÁrainn. Timpeall 8 míle taobh thiar den Spidéal rachaidh tú thar cheanncheathrú TG4 ar do chlé. Casann an bóthar ar dheis go gairid ina dhiaidh sin. Lean ort c.3 mhíle go dtí crosbhóthar Ros a’ Mhíl agus cas ar chlé. Lean ort c.1 míle go dtí carrchlás do bhád Árann agus cas ar chlé. Cas ar dheis láithreach suas bóithrín caol. Coinnigh ort c.400m agus tá Teálta na hÓige ar do dheis.


Féach ar Mapa Níos Mó

 

TREORACHA CHUIG AN TULACH

Tóg bóthar an chósta ó Ghaillimh go dtí An Spidéal. Téigh tríd an Spidéal agus lean ort timpeall 8 míle. Feicfidh tú tábhairne ceann tuí, Tigh Johnny Sheáin agus 300m siar uaidh ceanncheathrú TG4 ar do chlé. Tá ionad Choláiste Chamuis sa Halla Pobail agus sa scoil atá trasna uathu sin. Iarraimid ar thiománaithe aire speisialta a thabhairt ag dul isteach sa charrchlós agus á fhágáil.


Féach ar Mapa Níos Mó