Ceacht a hAon: Ag DÉanamh Cairde!
Déanfaidh tú go leor cairde nua i gColáiste Chamuis...
Conor: Céard is ainm duit?
Marc: Marc is ainm dom. Céard is ainm duitse?
Conor: Conor is ainm dom. Cá as duit?
Marc: As Baile Átha Cliath mé. Cá as duitse?
Conor: As Sligeach
Marc: Cá bhfuil Sligeach? Céard é sin as Béarla?
Conor: Sligo. Tá sé gar do Dhún na nGall.
Marc: Gar?
Conor: Sea. In aice le Dún na nGall. Tá mise in aice leis an doras anois. An dtuigeann tú?
Marc: Ó sea. Tuigim. Cá bhfuil Dún na nGall?
Conor: Níl fhios agat cá bhfuil aon áit ach amháin Baile Átha Cliath!
Marc: Is cuma liom.
Croith lámh le do chara nua!
