agallamh

Cuirtear agallamh ar gach scoláire nua ag teacht ar a gcéad chúrsa. Caithfidh tuismitheoir nó caomhnóir dleathach a bheith i dteannta gach scoláire nó ní féidir dul ar aghaidh leis an agallamh.

 

Ní féidir le deartháir/deirfiúr, uncail/aint, ná le cara ná le duine muintreach eile áit an tuismitheora/chaomhnóra a thógáil de bhrí go n-iarrtar ar thuismitheoirí/caomhnóirí cáipéisí a shíniú ag an agallamh a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht na scoláirí.

 

Music GroupNí scrúdú atá san agallamh. É sin ráite, déanfar measúnú ar Ghaeilge labhartha an scoláire de réir rialacha an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tugann an t-agallamh deis dúinn aidhmeanna, modhanna oibre agus rialacha Choláiste Chamuis a mhíniú go soiléir do scoláirí agus dá gcuid tuismitheoirí. Tugann sé deis duitse aon cheist is maith leat a chur orainne freisin.

Chaith mé cúpla seachtain ar an dTulach agus mé i mo dhalta méanscoile. Bhain mé an taithneamh as agus d'fhoghlam mé a lán Gaeilge ann. Is múinteoir bunscoile mé anois. Fuair mé post i nGaelscoil nuair a cáilíodh mé.

– Áine Ní Laimhín, Maigh Eo

Break Time!

 

 

 

 

 

 

D'fhreastail mé féin agus mo dheartháireacha ar Choláiste Chamuis, bhain muid sárthaitneamh as na cúrsaí agus labhraíonn muid go ceanúil fós ar na heachtraí agus scéalta a bhain lenár dtréimhse ann.


– Rory, BÁC

At The Beach!