Ár ScÉal
Ar mhaith leat Gaeilge a fhoghlaim san áit a bhfuil an teanga beo i gcónaí – sa Ghaeltacht? Coláiste Gaeilge é Coláiste Chamuis agus eagraímid cúrsaí samhraidh Gaeilge in An Tulach, Camus agus Ros a’ Mhíl i gceartlár Ghaeltacht Chonamara.
Cuireann ár dtumchúrsaí béim ar fhoghlaim trí spóirt, craic agus spraoi le himeachtaí mar chluichí, céilithe, ceol, turais chuig an trá. Fiú na ranganna bíonn craic iontu! [tuilleadh...]
Ár mana
Deir mana an Choláiste “Is fiú agus is féidir!” Tá sin fíor. Is féidir leatsa Gaeilge a fhoghlaim agus is fiú go mór é. Chuile bhliain baineann ár gcuid scoláirí líofacht bhreá amach sa Ghaeilge labhartha i gColáiste Chamuis.
dÁtaÍ 2012
Testimonials
Bhí saoire iontach ag ár mac agus bhí an bheirt againn chomh sásta leis na scéalta agus na cuimhní a thug sé abhaile. Bhí muid chomh bródúil as a chumas labhartha Gaeilge.
– Margaret, Baile Átha Cliath
D'fhreastail mé féin agus mo dheartháireacha ar Choláiste Chamuis, bhain muid sárthaitneamh as na cúrsaí agus labhraíonn muid go ceanúil fós ar na heachtraí agus scéalta a bhain lenár dtréimhse ann.
– Rory, Baile Átha Cliath
