stair Grand Opening of Tealta na hÓige

Cuireann ár scoláirí i gColáiste Chamuis eolas ar an nGaeilge san áit a bhfuil an teanga bheo á labhairt ó lá go lá mar chuid den ghnáthshaol – sa Ghaeltacht. Is mór idir an suíomh beo sin agus an seomra ranga ar scoil. Fanann na scoláirí i dtithe Gaeltxachta agus bíonn fáilte rompu mar chuid den chlann. Glacann ár gcuid scoláirí páirt mar sin i bpobal beo na Gaeilge sa Ghaeltacht.

 

Our School in Ros a'Mhíl, Tealta na hÓige

Tá taithí na mblianta againn i gColáiste Chamuis ar mhúineadh na Gaeilge agus tuigimid gurb é an tumadh teanga an bealach is fearr le teanga ar bith a fhoghlaim. Léiríonn taighde idirnáisiúnta go bhfuil seo fíor. Bímid ag súil leis go mbeidh ár gcuid scoláirí ag labhairt Gaeilge an t-am ar fad le linn ár ngníomhaíochtaí ar fad. Tá riail teanga againn lena chinntiú go mbeidh an tumadh teanga ann i gcónaí agus go mbeidh scoláirí ag labhairt Gaeilge an t-am ar fad. Ar an gcaoi seo bainfidh tú an leas is fearr is féidir as do chúrsa.

An rud is tábhachtaí faoi Riail na Gaeilge ná go n-oibríonn sí agus go mbíonn an-spraoi agus spóirt ag ár gcuid scoláirí agus iad ag foghlaim Gaeilge. Éiríonn lenár gcuid scoláirí líofacht iontach a bhaint amach ar ár gcuid cúrsaí agus bíonn siad an-bhródúil as an éacht sin. Mínítear Riail na Gaeilge do scoláirí agus dá gcuid tuismitheoirí ag an agallamh réamhchúrsa do scoláirí nua.

Chaith mé cúpla seachtain ar an dTulach agus mé i mo dhalta méanscoile. Bhain mé an taithneamh as agus d'fhoghlam mé a lán Gaeilge ann. Is múinteoir bunscoile mé anois. Fuair mé post i nGaelscoil nuair a cáilíodh mé.

– Áine Ní Laimhín, Maigh Eo

Break Time!

 

 

 

 

 

 

D'fhreastail mé féin agus mo dheartháireacha ar Choláiste Chamuis, bhain muid sárthaitneamh as na cúrsaí agus labhraíonn muid go ceanúil fós ar na heachtraí agus scéalta a bhain lenár dtréimhse ann.


– Rory, BÁC

At The Beach!