Ceol & Craic
Baineann an-chuid scoláirí an-taitneamh as an gceol i gColáiste Chamuis. Tig le tosaitheoirí cúpla port a fhoghlaim ar an bhfeadóg stáin agus bíonn deis ann do cheoltóirí maithe casadh le ceoltóirí eile go rialta.

Bíonn an-chraic ag an gcéilí chuile oíche! Foghlaimeoidh tú na céimeanna bunúsacha agus na damhsaí is coitianta.

Is breá leis na scoláirí na comórtais idir na tithe – amhrán a chumadh agus a chasadh os comhair an Choláiste ar fad, nó sceits nó dráma beag a chur ar stáitse le do chuid cairde.

Bíonn an-tóir ar ghrúpa ceirde agus ealaíne, ar dhearadh postaeraí, ar amhránaíocht ar an sean-nós ... agus ar chuid de na himeachtaí is fearr le scoláirí tá damhsa ar an sean-nós agus rincí seite.
