Ranganna
Cuireann Coláiste Chamuis béim i gcónaí ar fhoghlaim trí spraoi agus páirtíocht ghníomhach.
Chaith mé seacht gcúrsa i gCamus agus bhí a lán spóirt agus spraoi agam ann.
Chuir mé aithne ar a lán cairde nua agus d’fhoghlaim mé a lán Gaeilge.
– Aoife, Corcaigh
Tá taithí na mblianta ag ár gcuid múinteoirí ar theagasc na teanga agus ar chinireacht a thabhairt do dhaoine óga in atmaisféar neamhfhoirmeálta foghlama. Is iarscoláirí de chuid an Choláiste cuid de na múinteoirí agus is cainteoirí dúchais Gaeilge cuid mhaith acu freisin.
Bunaítear na ranganna ar ghnáthshuíomhanna laethúla cainte agus cuirtear an bhéim ar chaint agus tuicint d’fhonn do chuid scileanna cumarsáide a fhorbairt. Déantar seo trí obair ghrúpaí, drámaíocht, rólimirt, cluichí teanga, amhráin srl.
Baineann ár gcuid múinteoirí úsáid as na teicníochtaí teagaisc is nua-aoisí áit a mbíonn an scoláire féin lárnach sa phróiseas foghlama.
Rinne mé seacht gcúrsa san iomlán le Coláiste Chamuis agus thug an taithí muinín phearsanta maraon le muinín teanga dom. B'údar mór díoma dom críoch chuile chúrsa.
– Gearóid Ó Drisceoil, Baile Átha Cliath
D'fhreastail mé féin & mo dheartháireacha ar Choláiste Chamuis, & labhraíonn muid go ceanúil fós ar na heachtraí & scéalta a bhain lenár dtréimhse ann.
– Rory, Baile Átha Cliath


