CinnirÍ
Tá córas speisialta cinnireachta ag Coláiste Chamuis nach bhfuil le fáil in aon áit eile. Is iad na Cinnirí cnámh droma an Choláiste, agus is scoláirí agus treoraithe in éineacht iad. Go bunúsach, tugann na Cinnirí treoir trí scoláirí a spreagadh lena ndea-shampla féin a leanacht. Is túisce a deireann an cinnire maith ‘Lean mise’ ná ‘lean ort’.
Thosaigh mé ag dul go Coláiste Chamuis i mo chailín óg. Spreag sé mé i dtreo na Gaeilge agus chuir mé aithne ar chairde maithe thiar ann agus is í an Ghaeilge ár dteanga chumarsáide anois agus go deo. – Aisling, Cill Dara
Bíonn Cinnire Tí i ngach teach, agus bíonn Cinnire i mbun gach grúpa agus gníomhaíochtaí ar siúl – cluichí, siúlóidí, ceol srl. Tugann sé seo rannpháirtíocht ghníomhach do na scoláirí ar fad i reachtáil an chúrsa agus forbraíonn sé a gcuid scileanna cinnireachta, cumarsáide agus idirphearsanta.
Bíonn na Cinnirí i measc an ghrúpa is sine sa Choláiste de ghnáth. Bíonn riar cúrsaí déanta acu agus mar sin bíonn eolas acu ar an gcóras cinnireachta ón taobh istigh. Mar sin bíonn siad in ann cabhair agus cúnamh a thabhairt do scoláirí nua ar an gcúrsa agus go speisialta do scoláirí óga.
Cuireann Coláiste Chamuis cúrsaí oiliúna ar fáil do na Cinnirí roimh na cúrsaí.
Chuir mé mo chlann ar fad agus an-chuid scoláirí go Coláiste Chamuis thar na blianta agus tháinig siad ar fad abhaile le grá don chultúr, sárlíofacht sa teanga agus dúil mhór filleadh ar ais.
- Mícheál, Sligeach.
Rinne mé seacht gcúrsa san iomlán le Coláiste Chamuis agus thug an taithí muinín phearsanta maraon le muinín teanga dom. B'údar mór díoma dom críoch chuile chúrsa.
– Gearóid Ó Drisceoil, Baile Átha Cliath


