Bíonn baint lárnach ag na scoláirí i reachtáil imeachtaí agus gníomhaíochtaí i gColáiste Chamuis agus roghnaíonn siad a gcuid gníomhaíochta siamsaíochta féin.
Eagraítear cluichí den chuid is mó tráthnóntaí. Imrímid peil, sacar, iománaíocht, eitpheil, cispheil taobh amuigh.
Imrímid cispheil, unihoc, leadóg bhoird agus riar mhaith cluichí boird taobh istigh.
Téimid ag an trá (má bhíonn an aimsir go breá!) agus téann grúpaí ag siúlóid i gceantar álainn Chonamara.
Abair É! Seo cúrsa nua ar-líne le Coláite Chamuis le cabhair a thabhairt duitse an leas is fearr is féidir a bhaint as do chúrsa sa Ghaeltacht. Bí ag foghlaim ANSEO!