lÓistÍn

Fanann scoláirí Choláiste Chamuis i dtithe mhuintir na Gaeltachta ina labhraítear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga chaidrimh ar an teallach. Léiríonn sé seo do na scoláirí go bhfuil an teanga beo agus foghlaimeoidh tú an-chuid Gaeilge ag caint agus ag éisteacht le muintir an tí lóistín a chuirfidh fáilte romhat isteach ina dteach. Is é Príomh-Oide an chúrsa a shocraíonn cúrsaí lóistín.

 

Tá na tithe ar fad ina bhfanann scoláirí cláraithe leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Caithfidh siad na rialacha agus na coinníollacha ar fad a bhaineann le coinneáil scoláirí maidir le sláinte, sábháilteacht, líon scoláirí sa teach agus cúrsaí teanga a leanacht do docht.

 

 

An saoire is fearr a chaith me riamh! D'fhoghlaim mé rud nó dhó chomh maith trí Ghaeilge.

- Aindriu, Baile Atha Cliath

Group Work

 

 

 

 

 

 

Níl áit ar domhan níos deise ná Túr Chamuis, craic, cultúr agus cairdeas trí mheán na Gaeilge.

– Neasa, Baile Átha Cliath

Group Work