FÚinn

Cuireann ár scoláirí i gColáiste Chamuis eolas ar an nGaeilge san áit a bhfuil an teanga bheo á labhairt ó lá go lá mar chuid den ghnáthshaol – sa Ghaeltacht. Is mór idir an suíomh beo sin agus an seomra ranga ar scoil. Fanann na scoláirí i dtithe Gaeltachta agus bíonn fáilte rompu mar chuid den chlann.

Glacann ár gcuid scoláirí páirt mar sin i bpobal beo na Gaeilge sa Ghaeltacht.

 

Tá taithí na mblianta againn i gColáiste Chamuis ar mhúineadh na Gaeilge agus tuigimid gurb é an tumadh teanga an bealach is fearr le teanga ar bith a fhoghlaim. Léiríonn taighde idirnáisiúnta go bhfuil seo fíor. Bímid ag súil leis go mbeidh ár gcuid scoláirí ag labhairt Gaeilge an t-am ar fad le linn ár ngníomhaíochtaí ar fad. Tá riail teanga againn lena chinntiú go mbeidh an tumadh teanga ann i gcónaí agus go mbeidh scoláirí ag labhairt Gaeilge an t-am ar fad. Ar an gcaoi seo bainfidh tú an leas is fearr is féidir as do chúrsa.

 

An rud is tábhachtaí faoi Riail na Gaeilge ná go n-oibríonn sí agus go mbíonn an-spraoi agus spóirt ag ár gcuid scoláirí agus iad ag foghlaim Gaeilge. Éiríonn lenár gcuid scoláirí líofacht iontach a bhaint amach ar ár gcuid cúrsaí agus bíonn siad an-bhródúil as an éacht sin. Mínítear Riail na Gaeilge do scoláirí agus dá gcuid tuismitheoirí ag an agallamh réamhchúrsa do scoláirí nua.

 

An saoire is fearr a chaith me riamh! D'fhoghlaim mé rud nó dhó chomh maith trí Ghaeilge.

- Aindriu, Baile Atha Cliath

Group Work

 

 

 

 

 

 

Níl áit ar domhan níos deise ná Túr Chamuis, craic, cultúr agus cairdeas trí mheán na Gaeilge.

– Neasa, Baile Átha Cliath

Using the Interactive Whiteboard